Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghnóthais nua a bhfuil sé ar intinn acu tús a chur le gnó in áitribh a bhí folamh ar feadh tréimhse ar leith.
Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar d’úinéirí struchtúr agus foirgneamh stairiúil chun iad a chaomhnú agus a fheabhsú chun leasa pobal agus an phobail.
Féadfaidh údaráis áitiúla deontais a sholáthar dóibh siúd a bhfuil a dteach féin acu chun greimráillí, cithfholcadáin rochtana comhréidh, rampaí rochtana agus ardaitheoirí staighre a cheannach agus a shuiteáil.
Féadfaidh údaráis áitiúla deontais a sholáthar do dhaoine scothaosta a bhfuil a dteach féin acu le haghaidh oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin chun a dteach faoi úinéireacht phríobháideach a dhéanamh níos oiriúnaí dá gcuid riachtanas.
Féadfaidh údaráis áitiúla deontais a sholáthar d’úinéirí tí faoi mhíchumas chun a dteach faoi úinéireacht phríobháideach a oiriúnú chun freastal ar a gcuid riachtanas.